- Culture
- 07 Mar 24
Tugann an suíomh seo i lár Bhaile Átha Cliath, atá na mílte duaiseanna buaite aige, léargas iontach agus tochtmhar ar shaolta – agus ar chrógacht – ghnáthmhuintir Bhaile Átha Cliath le linn tréimhse ghruama bhochtaineachta, ghanntanais agus dhrochshláinte ...
Is seoladh faoi leith é 14 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1. Ar cheann de shráideanna is tábhachtaí agus is stairiúla de chuid an cathair, is féidir leat cuairt a thabhairt ar Uimh.14 agus eolas a fháil ar bhreis is 300 bliain de shaol cathrach agus teaghlaigh, gan ach cos a chur thar thairseach an tí uathúil seo.
Is í Sráid Henrietta an tsráid Sheoirseach is luaithe i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an tógáil sa bhliain 1720, rud a thug sampla do na sráid-dreacha Seoirseacha atá ina gcuid fhíorthábhachtach d’oidhreacht ailtireachta Bhaile Átha Cliath. Ach tháinig drochbhail ar an tsráid d’áitritheoirí is saibhre na príomhchathrach, sráid a bhíodh galánta tráth, de réir a chéile.
Tá na scéalta taobh thiar den mheath seo, agus an chaoi ar caitheadh le gnáthmhuintir na cathrach i sochaí a bhí go fíor-mhíchothrom, chun tosaigh sa mhúsaem mór le rá seo i dtuaisceart na cathrach, a osclaíodh ag 14 Sráid Henrietta in 2018.
‘Músaem na dTionóntán’ a thugtaí air roimhe seo, cuireann turas treoraithe tríd an teach cuairteoirí ar an eolas ar bhealach dodhearmadta maidir leis na coinníollacha ina mbíodh cónaí ar dhaoine orthu i lár na cathrach, coinníollacha nach féidir dearmad a dhéanamh orthu agus a bhíodh gruama go minic. Rinneadar miontaighde ar insintí an turais, le cabhair ó staraithe sóisialta agus údair áitiúla, agus tá siad bunaithe ar eispéiris phearsanta daoine a bhíodh cónaí orthu sa teach agus ar an tsráid - príomhchúis leis an rátáil leanúnach 5 réalta a fhaigheann an músaem ar TripAdvisor, léirmheasanna Google agus ar ardáin eile.
Go deimhin, bhí 14 Sráid Henrietta ar na trí cinn is fearr i nGradaim Rogha an Turasóra (‘Traveler Choice Awards’) TripAdvisor don bhliain 2022, 2023 agus 2024, agus é ina shuíomh is gá cuairt a thabhairt air sa tír, chun tosaigh ar Aillte an Mhothair, Faiche Stiabhna agus Páirc an Chrócaigh.
Stair Shóisialta
Faoi dheireadh na 1800idí, bhíodh cónaí ar nach mór aon séú de dhaonra phríomhchathair na hÉireann i dtionóntáin. Le linn tréimhse sa naoú haois déag a raibh meath eacnamaíoch i gceist leis, bhíodh dlíodóirí, cúirteanna agus beairic - ceann ar cheann - ag cur fúthu in 14 Sráid Henrietta.
Faoi 1877, bhí an tiarna talún, Thomas Vance, i ndiaidh an teach a roinnt agus a fhoroinnt, i nach lú ná 19 n-árasán tionóntáin a raibh seomra leapa amháin, trí cinn nó ceithre cinn iontu. Sa bhliain 1911, bhíodh cónaí ar bhreis is 100 duine san fhoirgneamh amháin seo, agus d’fhág na teaghlaigh dheireanacha an teach sa bhliain 1979.
Cuireadh tús leis an obair athchóirithe sa bhliain 2006 agus ghlac sé breis is deich mbliana an obair sin a chur i gcrích. Stiúir agus mhaoinigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath athchóiriú agus caomhnú an fhoirgnimh agus fuarthas tacaíocht bhreise ó Dheontas Caipitil Comórtha Céad Bliain ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Sa bhliain 2018, luadh athchóiriú an tí go speisialta ag Gradaim Europa Nostra don Oidhreacht Chultúrtha agus sa bhliain 2020 bhuaigh sé Duais Stiletto ag na Gradaim Eorpacha do Mhúsaeim. Is é Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a ritheann an músaem.
Imeachtí Speisialta ag 14 Sráid Henrietta
Bíonn imeachtaí ar siúl go leanúnach in 14 Sráid Henrietta le linn na bliana, agus cuirtear Turas Siúil Bhaile Átha Cliath Seoirseach Amuigh Faoin Aer, ‘Sráid Henrietta agus Níos Mó’ ar siúl freisin.
Bíonn turais i nGaeilge ar fáil freisin i 14 Sráid Henrietta. Déantar Turas Treoraithe den Teach as Gaeilge go míosúil, cé gur féidir turais speisialta a iarraidh do ghrúpaí.
Bíonn sraith mhíosúil Tae agus Plé dochreidte spéisiúil ann, ina dtugann an Staraí Chónaitheach agus staraí shóisialta Donal Fallon cuireadh d’aíonna speisialta. teacht agus labhairt leis an lucht féachana. I measc na n-aíonna a chuaigh roimhe bhí an file agus an scríbhneoir Paula Meehan, an staraí Monto agus an scríbhneoir Terry Fagan, an grianghrafadóir Jeanette Lowe agus daoine ar rugadh agus ar tógadh a muintir sa cheantar.
In 2024, tabharfaidh an Músaem turais áirithe i nGaeilge isteach a bheidh oiriúnach freisin do dhaoine atá ag tosú ar an teanga a fhoghlaim. Beidh fáilte mhór roimh dhaoine a bhfuil cúpla focal ag leibhéal nó cumas ar bith acu a gcúpla focal a úsáid.
Comhoibriú a bheidh anseo leis an gclár BÁC le Gaeilge atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
• Is fearr an turas a chur in áirithe roimh ré i gcomhair an thurais threoraithe de 14 Sráid Henrietta.
Tá an foirgneamh inrochtana do chathaoireacha rotha. Cuir in áirithe ar líne ag 14henriettastreet.ie nó thar an bhfón ag +353 1 524 0383. Má bhíonn aon cheist agat, is féidir leat ríomhphost a chur chuig an músaem ag [email protected].