- Culture
- 04 Mar 24
Is deas an rud é gnó a aimsiú ina bhfuil tú ábalta seirbhís a fháil trí mhéan na Gaeilge - ach níos fearr fós nuair atá tú abálta béile mór blasta a fháil leis. Seo iad na bialanna agus na caifí na nGael is fearr ar fud na tíre - go léir roinnte ag Hot Press.
Bia, Chultúrlann McAdam Ó Fiach, Béil Féirste, Co. Aontroma
Is áit fháilteach chroíúil í an bhialann dar teideal Bia i gCultúrlann McAdam Ó Fiach, le bia blasta ar fáil agus is féidir Gaeilge a chlos agus Gaeilge a labhairt leis. Bain trial as an chowder cáiliúil atá acu.
Caife Ceoil, Béal Feirste, Co. Aontrama
Is caife dhá theangach é Caife Ceoil, a bhfuil oscailte Luan go hAoine ó 9:30 i.n. go dtí 16:00 t.n.. Bíonn ceapairí, cístí agus anraith ar fáil sa chaife gleoite seo. Foirfe d’am lón nó i gcomhair cupán tae.
Cáis, Leoraí Bia in Dick Mac’s, Daingean, Co Chiarraí
Ainmnithe 'An Leoraí Bia is Fearr' in Éirinn 2021 - Bia agus Fíon Éireann. Ceapairí tóstáilte (Toastís) ó Leoraí Bia, i gClós Bia Dick Mack, an Daingean. Déanann siad toasties speisialta le bia áitiúil. Tá clú agus cáil ar thigh Dick Mac’s, le realtaí idirnaisiúnta tar éis cuairteanna a thabhairt ar an tigh tairbhne seo - bí cinnte deoch a bheith agat ann.
Solas Tapas, Daingean, Co. Chiarraí
Níl ach táirgí d’ardchaighdeáin ar fáil i Solas Tapas i Daingean Uí Chúis. Is teach fíona agus plátaí beaga é Solas Tapas. Má tá tú ag lorg áit rómánsúil - is í Solas tapas an spota.
Advertisement
Myo, Cathair Chorcaí
Siopa caife beag bídeach ar bhruach na Laoi i gCathair Chorcaí- bíonn tae, caife agus ceapairí ar fáil i Myo. Chomh maith le sin, bíonn imeachtaí eagsúla ar siúl go minic sa chaife seo ar nós seisiúin cheoil ar son na Pailistíne.
Bácús, Cultúrlann Uí Chanáin, Co. Doire
Oibríonn an Chócaire Laurent Pirone agus a fhoireann i Bácús le comhábhair úra chun réimse leathan de chístí maidine, aráin speisialta agus roghanna an lae a dhéanamh atá faoi hanáil na Fraince agus na hÉireann.
Bialann Danny Minnie’s Co. Dun na nGall
Is bialann mór le rá í Danny Minnie’s atá suite/lonnaithei gcroílár na Gaeltachta in Iarthar Dhún na nGall, a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu. Tá bia mara agus feoil áitiúil den scoth le fáil ar an gclár, agus deirtear go bhfuil séirbhís dhochreidte acu chomh maith.
Arán, Machaire Chlochair, Co. Dún na nGall
Tá Arán suite i gcroílar an bhaile, cuireann siad bia and caife ar fáil 6 lá in aghaidh na seachtaine, 9 in go dtí 4 tn. ‘Espresso bar + Cistín’ a glaotar air, tá brunch den chead scoth ar fháil sa chaife seo!
Plámas, Cathair na Gaillimhe
“Caife neamhsplách, Gaillimheach agus bródúil”- déanann Plámás cur síos orthu féin sa slí seo. Caife faiseanta atá suite i lár na cathrach, faigheann custaiméirí lascainí sa chaife seo má usáideann siad a chuid Gaeilge!
Advertisement
Bialann Inis Meáin Island Stays, Co. Gaillimh
Tá Island Stays Inis Meáin suite in áit uathúil ar Inis Meáin, ceann de thrí Oileán Árainn. Baineann an bhialann, ina bhfuil an-cháil ar agus gradaim bainte amach acu úsáid as comhábhair ón oileán den chuid is mó. Ina measc, gliomacha agus portáin a ghabhann iascairí áitiúla i gcurrachaí, agus glasraí a fástar ar an suíomh ag úsáid na feamainne ón gcladach áitiúil mar leasú.
Pota Cafe, Baile na hAbhann, Co. Gaillimhe
Athraíonn an biachlár ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain ag brath ar an méid atá le fáil óna gcuid soláthraithe agus ar an séasúr sa Bhialann mór le rá seo. Tá béim ar bhia áitiúil atá comhábhair orgánacha agus inmharthana i Pota.
Is féidir leat ár roinn speisialta 'What's The Scéal?' a léamh san eagrán nua: