- Culture
- 28 Mar 01
Ó Chonamara go Canton, tá ceol na hÉireann níos láidre ná mar a bhí se le tamall fad anuas, adeireann Oliver P. Sweeney. Éist!
Ní fada uainn anois Fleadh Cheoil na hÉireann, an ócáid is mó ceoil traidisiúnta sa tír seo, nó in aon tír eile. An deireadh seachtaine seo chugainn, tiocfaidh suas le 100,000 duine ón tír seo agus ó thíortha iasachta le chéile, chun ár gceol a sheinnt, chun craic a bhaint amach, agus chun ár dtraidisiúin a cheiliúradh.
I láthair na huaire seo, tá an ceol sin níos láidre, níos bríomhaire ná mar a bhí sé le tamall fada anuas. Tá sé ag dul i bhfeidhm ar thurasóirí, ó thíortha i bhfad i gcéin - tá aithne agamsa go pearsanta ar fhear a bhunaigh craobh de Chomhaltas i dTokyo - ach an rud is mó a thugann dóchas dom féin agus d'alán daoine eile ná go bhfuil suim mhillteanach idir sean agus óg sa cheol.
Le fiche bliain nó mar sin, is léir go bhfuil an ceol ag athrú, mar ní féidir le cheol d'aon sort fanacht ina stad. Tá na fidléiri agus na píobairí aonair ann go fóill agus beidh go deo, tá súil agam, ach le himeacht ama tá ár gceol náisiúnta ag éiri níos sofaistiúla, níos tarraingtí ná riamh roimhe seo.
Sé an phríomhchúis gur mhair an ceol chomh fada seo ná go bhfuil doimhneacht neamhghnáth ann; tá sé lán de phaisean, de stair, de fhulaingt, agus tá sé chomh sean leis na sléibhte beagnach, lena gcuid rúin nochtaithe ina bhrollach.
Sa lá atá inniu ann áfach is féidir linn an ceol seo, an saibhreas iontach seo, a cloisteáil i bpubanna, ar ardán an Cheol Arais Náisiúnta, beo ar raidio agus ar theilifís, agus go háirithe ar cheirníní. Agus nach bhfuil rogha iontach againn. Tá na seanmháistrí ann - píobairí cosúil le Seamus Ennis agus Willie Clancy, fidléirí mar James Morrison agus Micheal Coleman; cé go bhfuil siad ar shlí na fírinne, tá a dtioncair beo beathaioch fós, agus, de réir dealraimh beidh sé linn le fada an lá.
Advertisement
Tá forbairt an cheoil i lámha na daoine óga - daoine mar Donal Lunny, a bhunaigh ghrúpaí mar Planxty, The Bothy Band, agus Moving Hearts, daoine cosúil le Peadar O Riada, a d'fhoghlaim alán óna athair Seán, agus daoine eile mar Micheál O Suilleabhain; ag baint úsáid as an traidisiún mar bhunús, tá siad ag déanamh an-chuid forbairt ar an gceol, gan an chroí agus an spiorad a mhilleadh.
O thaobh ceirníní de, is maith is cuimhin liom an chéad uair a chuala mé Planxty. Spreag siad bród ionam, agus d'imigh mé agus cheannaigh mé An Albam Dubh. O shin i leith, tá an-dúil agam i gceol den tsort sin, agus chaitheas cibe airgead bhí le sparáil agam ar cheirníní. Déanaim a leithéid go fóill!
I measc ghrupaí agus ceoltoirí an lae inniu, tá an-chuid clú agus cáil bainte amach ag Altan, go háirithe thar lear, agus is iad an grúpa is mó ar lipéid Green Linnet i láthair na huaire seo. Muna bhfuil se ceannaithe agat go fóill, bain triall as Harvest Storm, an céirnín is déanaí uathu.
Tá guth chomh binn le haingeal ag Mairéad ní Mhaonaigh, agus fuinneamh iontach sa cheol. Ar an lipéad céanna, tá togha agus rogha ceoil, idir cheirniní ó cheoltoirí mar Kevin Burke - eist le Open House, an cheirnín is déanai uaidh - agus ghrupaí mar The Kips Bay Ceili Band; tá eiliminti éagsúla le mothu iontu, ach tá an sean-chroi ag bualadh go láidir.
Ar lipéidi atá lonnaithe sa tír seo tá raon abhar taithneamhach le fáil. Ni gá, dearfainn, trácht ar cheirnín Sharon Shannon; muna bhfuil cóip agat faoi seo, teigh agus ceannaigh ceann! Ar lipéad Hummingbird, tá dhá cheirnún sar mhaith ar fáil - Hollywood ón Voice Squad - comhcheol den chéad scoth, agus Meitheal ó Steve Cooney agus Séanus Begley.
I measc na lipéidí is faide ar an bhfód, tá Gael-linn agus Ceirníní Chladaigh. Le déanaí tá Gael-linn tar éis bheith an-ghnóthach, le ceirníní ó dhaoine mar Aine Uí Cheallaigh, Beal Feiristeach atá lonnaithe sa Rinn, Co. Phort Lairge. Idir Dhá Chomhairle/In Two Minds an t-ainm atá ar an gcéad ceirníin uaithí, agus is beag locht a d'fheadfa a fháil air mar cheirnín.
Ar an dtaobh eile de, tá dhá cheirnín eile eisithe acu le déanaí. S'iad sin Dóbró ó Frankie Lane, iar-bhall de na Fleadh Cowboys, ina n-úsáideann sé an Dóbró ar mhódh nua. Tá meascán de cheol ann - ceol ón dtír seo measctha le ábhar ó Mheicsiceo, An Airgintín 7rl. Sé an cheirnín eile ná Coumineol, ó Eoin Duignan, sár-phíobhaire a d'fhoghlaim a cheard ó Leo Rowsome (Rí na bPíobairí), nach maireann. Sé phíosaí féinchumtha atá ar an gceirnín, idir fhoinn mhalla agus polcaí, agus alán eile. Tá an-eileamh air ó eisíodh é.
Advertisement
Ar lipéidí eile, tá ceol den árdchaighdean céanna. D'eisigh Tara fadcheirnín ón bpíobaire Liam O'Flynn. Sé Out To An Other Side ceann de na cheirníní is taithneamhai i láthair na huaire seo. Léirithe ag Seán Davey, taispeánann sé nach bhfuil
ce ar bith ar Liam dul sa tseans leis an gceol.
Níos mó beagnach ná aon ceoltóir eile tuigeann sé conas an chothromaíocht idir an traidisiúin agus fuaime na haoise seo a láimhseáil.
Mar aon le Liam, tá píobaire eile ann nar luaigh mé go fóill. Sé sin Davy Spillane, an chéad ceoltóir lena ndearna mé agallamh i 1976, nuair nach raibh sé ach ina dhéagóir. O shin, tá an-dul-chin-cinn déanta aige, ag taifeadadh le daoine móra le rá cosúil le Kate Bush, Mark Knopfler agus Albert Lee, i measc alán, agus ag eisiúint ceirníní mar Pipe Dreams, Atlantic Bridge 7rl. Shínigh sé conradh le Sony Music le déanaí agus de réir dealraimh tá rudaí móra i ndán dó.
Ní féidir linn alt mar seo a chríochnú gan trácht a dhéanamh ar an sár-obair atá déanta ag na Chieftains. Le triocha bliain anuas is ceannródaí iad a chuir cool na tíre seo i mbeal an phobail ó Chonamara go Canton.
Cad eile atá uainn?