- Culture
- 05 Mar 04
Idir an 8 agus an 17 Márta, 2004, beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl arís, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Beidh níos mó imeachtaí ar siúl i níos mó áiteanna i mbliana ná a bhí ar siúl ó a bhunaigh Conradh na Gaeilge an tSeachtain sa bhliain 1902.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i rith na Seachtaine, beidh 50 Céilí, 20 Ceolchoirm, agus beagnach 100 Tráth Ceist. Beidh imeachtaí ar siúl i ngach contae in Éirinn, chomh maith le imeachtaí i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, in Albain, agus sa Ghearmáin.
Beidh ceolchoirm mór ar siúl i mbliana i ngach cúige. Beidh Moonsnow mar phríomhbhanna ceoil ag na ceolchoirmeacha seo. Sheinn triúr ón mbanna ceoil leis an Afrocelt Soundsystem cheanna (Iarla Ó Lionáird, Mairéad Nesbitt, agus Emer Mayock). Chomh maith leo siúd, beidh banna ceoil ó oirthear na hEorpa ag seinnt ann chomh maith.
Beidh na ceolchoirmeacha ar siúl i gCorcaigh ar an 11 Márta, i nGaillimh ar an 12 Márta, i Léitear Ceanainn ar an 13 Márta, agus i mBaile Átha Cliath ar an 16 Márta. Tá an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ag tabhairt tacaíochta don ócáid mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach
Cuireann Seachtain na Gaeilge an teanga chun cinn gach bliain in Éirinn (agus anois thar lear chomh maith!). Cruthaíonn an Seachtain deiseanna sóisialta do dhaoine lena gcuid Gaeilge a úsáid. Chomh maith leis sin, bíonn níos mó Gaeilge le cloisteáil ar an raidió agus ar an teilifís, agus le léamh sna nuachtáin. I mbliana, beidh dreamanna nua ag tacú leis an Seachtain, ar nós Gasóga na hÉireann, the Irish Vintners’ Federation, agus go leor eile.
Beidh na céadta scoil agus ógchlub ag eagrú imeachtaí agus ag glacadh páirt sna comórtais óige náisiúnta. Cloisfidh na daltaí an Ghaeilge i suíomh siamaíochtúil in ionad suíomh acadúil. Cabhróidh sé seo le dea-íomhá na Gaeilge a láidriú i measc daoine óga.
Níl aon dabht ach go bhfuil úsáid na Gaeilge agus suim sa teanga ag dul ó neart go neart le roinnt blianta anuas. Is féidir breathnú ar fás na nGaelscoileanna nó an daonáireamh a rinneadh le déanaí leis an dul chun cinn sin a fheiceáil.
Sa bhliain 1901 ní raibh ach 619,710 duine in ann Gaeilge a labhairt sa 26 contae. Sa bhliain 2002 bhí an figiúr seo tar éis fás go 1,570,894. Is cinnte mar sin go bhfuil an-deis ann do Sheachtain na Gaeilge le fás agus forbairt amach anseo, ní amháin in Éirinn ach thar lear chomh maith.
Is féile idirnáisiúnta mór í Seachtain na Gaeilge anois!